Main Introduction
Research Library
Library Introduction
Former Muckross Owners
Mary Herbert, Watercolourist
Queen Victoria's Visit, 1861
Ireland in the 1930s-1940s
Féile Competition Winners
feile chultuir chiarrai 2008
Muckross Newsletter
Collections Care Award
Accreditation
Contact Muckross Library


Leabharlann Thaighde Mhucrois

Click here to view this page in English

bunaíodh an leabharlann i ndeireadh na seachtóidí tá go leor ábhar a bhaineann go mórmhór le Ciarraí bailithe ag an bhfoireann. I measc an chnuasaigh seo tá leabhair, doiciméidí, léarscáil agus pictiúirí maraon le ábhar físe agus téipeanna. Ní úsáidtear an leabharlann le haghaidh taighde ginealaigh agus ní tugtar ábhar ar iasacht.

Caomhnú coiscithe an polasaí a chuirimid i bhfeidhm anseo i Mucros. Tá na bailiúch&aac ute;in curtha i dtaisce sa chaoi go bhfuil cosaint ortha i gcoinne solas, teocht, taisriú, truailliú agus péist dhíobhálacha. De thoradh ar seo ghnóthaigh an leabharlann gradam Mhúsaem na Bliana don mbailiúchán is fearr coinnithe sa bhliain 2001.

Táimíd i gcónaí ar thóir breis eolais nó aon ábhar a bhaineann go speisialta le sean-úinéirí agus tionóntaithe Eastáit Mhucrois. Is mór an trua ná fuil aon ábhar den tsaghas seo fágtha ar an láthair féin. Ba bhreá linn clos uait dá mbeadh aon eolas dá leithéid agat.

Foilsítear Nuachtlitir Mhucrois dhá uair sa mbliain agus bíonn sí ar fáil go forleathan ó leabharlainn, siopaí srl.

Tacaíonn an leabharlann go mór le Féile Chultúir Chiarraí. Féile speisialta í seo do pháistí bunscoile a dheineann comóradh ar cheirdeanna, scileanna agus na seantraidisiúin a bhaineann le Ciarraí. Bronnadh Duais Sandford ó Iontaobhas Oidhreacht Oideachais i Sasana ar Fhéile Chultúir Chiarraí sa bhliain 2003 agus arís sa bhliain 2008.

Más mian leat cuairt a thabhairt ar an leabharlann ní mór coinne a dhéanamh agus foirm iarratais a líonadh isteach atá le fáil ar an suíomh seo. Ba mhór an chabhair dá ndéanfadh léitheoirí nóta do bhreacadh síos ar an bhfoirm iarratais a neosfadh dúinn cad iad na h-ábhair ina bhfuil suim acu iontu.

 

Back to Library Introduction

 

 

Site © Bright Idea. All Rights Reserved.