Bhí an
comórtas seo oscailte do gach scoil a ghlac páirt
sa bhféile i mbliana, dírithe ar pháistí bunscoile.
Bhí an fhéile ar siúl ar feadh chúig
lá agus d’fhreastail na páistí ar
cheithre cheardlann a mhair 45 nóiméad. Ina measc
seo bhí : déanamh aráin, déanamh
ime, agus sampla a thabhairt
dóibh ar thithe den seandéanamh. Chomh maith
leis seo thug an ceoltóir cáiliúil, Jimmy
Crowley, ceardlann ar cheol traidisiúnta agus bhaineadar
an-taitneamh as seo.